20 Ná tabhair ceannasaíocht ort féin do do mhac, do do bhean,do do bhráthair ná do do chara, fad is beo duit.Ná tabhair do chuid do dhuine eile,le heagla go dtiocfá ar mhalairt aigne agus é a lorg ar ais.
21 Fad a mhaireann tú agus go mbíonn an dé ionat,ná lig d'aon duine d'áit a ghlacadh.
22 Óir is fearr do chlann a bheith ag lorg ortná go mbeadh do shúilse le láimh do mhac.
23 Bí i gceannas i do ghnóthaí go léir;agus ná cuir smál ar do cháil.
24 An lá a thagann do shaol chun críche,ar uair an bháis, ansin roinn d'oidhreacht.
25 Foráiste, bataí agus ualaí don asal;arán, smacht, agus saothar don daor.
26 Fág an obair faoin daorán agus tóg féin go bog é;má fhágann tú a lámha gan ghnó, rachaidh sé ar lorg na saoirse.