12 Buailfidh mé le plá iad agus fágfaidh mé gan oidhreacht iad; agus déanfaidh mé cine nua díotsa, cine is mó agus is treise ná iad.”
13 D'fhreagair Maois an Tiarna agus dúirt: “Tá sé cloiste ag na hÉigiptigh cheana féin, go dtug tusa an pobal seo, trí do chumhacht féin, amach óna measc.
14 Tá sin ráite cheana féin acu le muintir na tíre seo. Tá a fhios acu cheana féin go bhfuil tusa, a Thiarna, i lár an phobail seo, agus go dtaispeánann tú thú féin dóibh gnúis le gnúis; gurb é do néalsa, a Thiarna, a stadann os a gcionn, agus go dtéann tú rompu mar cholún néil sa lá agus mar cholún tine san oíche.
15 Má mharaíonn tú an mhuintir seo anois d'aon iarracht, déarfaidh na ciníocha a chuala i do thaobh:
16 ‘Níor fhéad an Tiarna an mhuintir seo a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé dóibh, agus dá bhrí sin rinne sé ár orthu san fhásach.’
17 I bhfad uait anois é, impím ort. Taispeáin do chumhacht anois de réir na mbriathra a labhair tú:
18 ‘Is mall é an Tiarna chun feirge, is lán é de bhuanghrá; maitheann sé coir agus peaca, ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.’