49 Do Iéizir, sliocht Iéizir; do Shiléim, sliocht Shiléim.
50 Sin iad sleachta Naftáilí, de réir sleachta. Daichead cúig mhíle cúig céad fear líon chlann Naftáilí.
51 Deichniúr ar fhichid, ar sheacht gcéad, ar mhíle, ar shé chéad míle, líon iomlán chlann Iosrael.
52 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt leis:
53 “Tá an talamh le roinnt mar oidhreacht orthu seo de réir líon na ndaoine cláraithe.
54 Do threabhchas líonmhar, tabhair oidhreacht mhór; do threabhchas beag, oidhreacht bheag; bíodh an oidhreacht a thabharfar do gach treibh de réir a líon cláraithe.
55 Ní foláir roinnt na talún a dhéanamh áfach ar cranna; faigheadh gach duine a oidhreacht de réir líon na n‑ainmneacha i dtreibheanna na bpatrarc.