18 Seo iad ainmneacha shliocht Ghéirseon de réir fine: Libní agus Simí.
19 Clann Chohát de réir fine: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil.
20 Clann Mharáraí de réir fine: Mailí agus Múisí. Sin iad sleachta Léiví de réir a dteaghlaigh shinsireachta.
21 Ó Ghéirseon shíolraigh sleachta na Libníoch agus na Simíoch; sin iad sleachta Ghéirseon.
22 Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d'aois nó breis san áireamh, seacht míle cúig céad.
23 Shuigh sleachta Ghéirseon a gcampa ar chúl an taibearnacail laistiar.
24 Ba é Eiliásáf mac Láéil ceann theaghlach Ghéirseon.