27 Ó Chohát shíolraigh sleachta na nAmrámach, sleachta na nIzeárach, sleachta na Heabrónach, agus sleachta na nUizíéalach. Sin iad sleachta na gCohátach.
28 Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d'aois nó breis san áireamh, ocht míle sé chéad. Bhí siadsan i bhfeighil an tsanctóra.
29 Shuigh sleachta Chohát a gcampa ar an taobh theas den taibearnacal.
30 Ba é Ealzáfán mac Uizíéil ceann teaghlaigh chlanna Chohát.
31 Sé cúram a bhí orthu, an áirc, an bord, an coinnleoir, na haltóirí, soithí beannaithe an tsanctóra lena ndéanann na sagairt seirbhís, agus an chliath le gach a ngabhann léi.
32 Ba é Eileázár, mac Árón an sagart, taoiseach cheannairí na Léivíteach. Bhí sé i gceannas orthu siúd go léir a bhí i bhfeighil an tsanctóra.
33 Ó Mharáraí shíolraigh sleachta na Mailíoch agus na Múisíoch; sin iad sleachta Mharáraí.