3 Anois má phósann siadsan duine as treibh eile de chlann Iosrael bainfear a maoin d'oidhreacht ár n‑aithreacha. Cuirfear breis le maoin na treibhe lena mbainfidh siad, agus laghdófar ar an maoin a roinneadh orainne.
4 Nuair a thiocfaidh iubhaile chlann Iosrael ansin cuirfear a n‑oidhreacht sin le hoidhreacht na treibhe lena mbainfidh siad ansin, agus bainfear í d'oidhreacht threibh ár n‑aithreacha.”
5 Ar ordú an Tiarna thug Maois an bhreith seo do chlann Iosrael; dúirt sé: “Tá an ceart ag treibh chlann Iósaef.
6 Seo é breith an Tiarna i gcás iníonacha Zalofachád: ‘Pósaidís a rogha, ach pósaidís laistigh de shliocht threibh a n‑athar.
7 Níl oidhreacht chlann Iosrael le hathrú ó threibh go treibh, óir tá gach fear ar chlann Iosrael le cloí le hoidhreacht threibh a aithreacha.
8 Agus gach iníon ag a bhfuil oidhreacht i dtreibh de chlann Iosrael, ní foláir di pósadh i bhfine de threibh a hathar, i dtreo go mbeidh oidhreacht a aithreacha ag gach duine de chlann Iosrael.
9 Ná hathraítear aon oidhreacht ó threibh go treibh eile; cloíodh gach treibh de chlann Iosrael lena n‑oidhreacht féin.’ ”