4 Rinne clann Iosrael amhlaidh; chuireadar as an gcampa amach iad. Rinne clann Iosrael mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
5 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
6 “Abair le clann Iosrael:Má dhéanann fear nó bean aon cheann de na peacaí trína bhfeallann duine ar an Tiarna, tá an duine sin ciontach.
7 Déanadh sé an peaca a rinne sé a admháil agus an tsuim iomlán dá bhfuil sé freagrach a aisíoc, agus cúigiú de bhreis léi; déanadh sé an t‑aisíoc leis an té ar a ndearna sé an éagóir.
8 Ach mura mbíonn gaol ag an duine lena bhféadfaí an t‑aisíoc san éagoir seo a dhéanamh, filleann an t‑aisíoc atá ag dul don Tiarna ar an sagart, de bhreis ar an reithe leorghnímh lena ndéanann an sagart leorghníomh ar son an chiontaigh.
9 Óir de gach rud a choisriceann clann Iosrael agus a thugtar chun an tsagairt, tá ceart aige chun na coda a chuirtear ar leithrigh.
10 Cibé rud a choisriceann duine is leis féin é; cibé rud a thugann duine don sagart, is leis an sagart é.”