1 Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú d'eaglais na dTeasalónach, i nDia an tAthair agus sa Tiarna Íosa Críost. Grásta chugaibh agus síocháin.
2 Ní stadaimid ach ag gabháil buíochais le Dia mar gheall oraibh uile agus ag cuimhneamh oraibh gan staonadh inár n‑urnaithe.
3 Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost.
4 A bhráithre, a bhfuil gnaoi Dé oraibh, tá a fhios agaibh mar a roghnaigh sé sibh;
5 mar ní le briathra béil amháin a tháinig ár ndea-scéal chugaibh ach le cumhacht agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh. Agus tá a fhios agaibhse mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar in bhur measc, ar mhaithe libh.