1 Bheartaigh mé i m'aigne, dá réir sin, gan cuairt bhrónach eile a thabhairt oraibh.
2 Mar má chuirimse brón oraibh cé atá ann chun áthas a chur orm ach an duine céanna ar chuir mé brón air?
3 Sin é go díreach an rud a scríobh mé chugaibh i dtreo, nuair a thiocfainn, nach brón a gheobhainn ó na daoine dar dual áthas a chur orm, mar bhí mé cinnte fúibh go léir go mba chúis áthais daoibhse áthas a bheith ormsa.
4 Is mór an buaireamh agus an scalladh croí a bhí orm ag scríobh chugaibh agus is iomaí deoir a thit ó mo shúile, ach ní d'fhonn sibhse a bhuaireamh a scríobh mé ach d'fhonn is go dtuigfeadh sibh méid mo ghrá daoibh.