4 Go deimhin, bímid féin ag maíomh asaibh in eaglaisí Dé, mar gheall ar bhur seasmhacht agus ar bhur gcreideamh ainneoin a bhfuil de ghéarleanúintí agus de thrioblóidí le fulaingt againn.
5 Is léiriú é sin ar bhreithiúnas cothrom Dé, mar is é a thiocfaidh as go mbeidh sibhse i dteideal ríocht Dé a bhaint amach toisc sibh a bheith ag fulaingt ar a son;
6 agus ar an gcuma chéanna níl ann ach an ceart go ndéanfadh Dia a ndíol féin den leatrom a thabhairt dóibh siúd atá ag déanamh leatroim oraibhse
7 agus faoiseamh ón leatrom a thabhairt daoibhse agus dúinne araon, rud a dhéanfaidh sé nuair a nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois.
8 Tiocfaidh sé i gcaoraíl tine ag agairt díoltais orthu siúd nach bhfuil aithne ar Dhia acu agus nach ngéilleann do dhea-scéal ár dTiarna Íosa.
9 Gearrfar mar phionós orthu bascadh síoraí i bhfad ó ghnúis an Tiarna agus ó ghlóir a chumhachta,
10 an lá úd nuair a thiocfaidh sé chun bheith faoi ghradam i measc a phobail naofa agus faoi mheas ag a gcreideann ann mar gur creideadh an fhianaise a thugamarna daoibh.