31 D'ith ár n‑aithreacha manna san fhásach faoi mar atá scríofa: ‘Thug sé arán ó neamh dóibh le hithe.’ ”
32 Dúirt Íosa leo ansin:“Amen, Amen, a deirim libh,ní hé Maois a thug an t‑arán ó neamh daoibh,ach is é m'Athair a thugann an t‑arán ó neamh daoibh,an t‑arán fírinneach.
33 Óir is é arán Dé an té a thagann anuas ó neamhagus a thugann beatha don domhan.”
34 “A dhuine uasail,” ar siad ansin leis, “tabhair dúinn an t‑arán sin i gcónaí.” Dúirt Íosa leo:
35 “Mise arán na beatha,an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche,agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.
36 Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh méagus nach gcreideann sibh.
37 Gach a dtugann an tAthair domtiocfaidh sé chugam,agus an té a thagann chugamní chaithfidh mé amach é.