4 Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achmaireacht.
5 Nuair a d'ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: “Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?”
6 Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh.
7 D'fhreagair Pilib é: “Níor leor luach dhá chéad déanar d'arán chun go mbeadh greim an duine acu.”
8 Dúirt duine dá dheisceabail leis - ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar:
9 “Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?”
10 Dúirt Íosa: “Cuirigí na daoine ina suí” - bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine.