23 Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí.
24 Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d'fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi:
25 “Choinnigh mé mo shúile ar an Tiarna de shíor.Tá sé ar mo dheasláimh, i dtreo nach suaithfear mé.
26 Tá gliondar ar mo chroí dá chionnagus tá meidhir ar mo theanga.Tá mo cholainn féin faoi shuaimhneas le dóchas,
27 mar ní fhágfaidh tú mé i riocht na marbhná ní ligfidh tú do do neach naofa an meathlú a fhulaingt.
28 Thaispeáin tú dom bóthar na beathaagus líonfaidh tú mé le háthas i do láthair.
29 “Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n‑ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu.