1 San am sin, nuair a bhí líon na ndeisceabal ag méadú, thosaigh na Heilléanaigh ag casaoid ar na hEabhraigh faoi go raibh faillí á dhéanamh ar a mbaintreacha féin sa fhriothálamh laethúil.
2 Dá chionn sin ghlaoigh an dáréag chucu na deisceabail go léir in éineacht agus labhair leo: “Ní dóigh linn,” ar siad, “go mba cheart dúinne briathar Dé a fhágáil chun dul ag freastal ag boird.
3 Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo.
4 Agus leanfaimidne den urnaí agus de sheirbhís an bhriathair.”