2 Nuair a bhí an séasúr ann chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun a chion de thoradh an fhíonghoirt a fháil.
3 Ach rug siad air, bhuail é, agus chuir chun siúil folamh é.
4 Agus arís chuir sé seirbhíseach eile chucu; ghoin siad é sin sa cheann agus thug siad easonóir dó.
5 Agus chuir sé duine eile; mharaigh siad eisean; agus mórán eile; bhuail siad cuid acu, mharaigh siad cuid eile.
6 Bhí aon duine amháin aige fós, a mhac muirneach. Chuir sé é sin chucu ar deireadh, á rá: ‘Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.’
7 Ach dúirt na curadóirí úd le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus beidh an oidhreacht againn.’
8 Agus rug siad air, mharaigh é, agus chaith amach as an bhfíonghort é.