23 San aiséirí, nuair a éireoidh siad arís, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige, óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar?”
24 Dúirt Íosa leo: “Nach é atá do bhur gcur amú, nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé?
25 Óir nuair a éireoidh siad ó mhairbh, ní bhíonn fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le pósadh, ach bíonn siad ar nós aingil Dé ar neamh.
26 Maidir leis na mairbh a éirí arís, nár léigh sibh i Leabhar Mhaois, sa dréacht faoin Tor, conas mar a labhair Dia leis agus a dúirt: ‘Is mise Dia Abrahám, agus Dia Íosác, agus Dia Iacóib.’
27 Ní hé Dia na marbh é, ach Dia na mbeo. Tá dul amú mór oraibh.”
28 Duine de na scríobhaithe, a bhí ag éisteacht leo ag aighneas, nuair a thug sé faoi deara a fheabhas a fhreagair Íosa iad, tháinig sé chuige agus chuir sé ceist air: “Cén chéad aithne de na haitheanta go léir?”
29 D'fhreagair Íosa: “Seo í an chéad cheann: ‘Cluin, a Iosrael, an Tiarna ár nDia is aon Tiarna ann