34 Agus ar an naoú huair d'éigh Íosa de ghlór ard: “Elóí, Elóí, lamá sabachthaní?” a chiallaíonn: “A Dhia, a Dhia, cén fáth ar threig tú mé?”
35 Dúirt cuid dá raibh ina seasamh timpeall ar a chloisteáil sin dóibh: “Feach, tá sé ag glaoch ar Éilias.”
36 Rith duine agus thum sé spúinse i bhfínéagar, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó ag rá: “Fanaigí go bhfeicfimid an dtiocfaidh Éilias chun é thógáil anuas.”
37 Ach ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus shíothlaigh sé.
38 Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bhun go barr.
39 An taoiseach céad a bhí ina sheasamh os a chomhair, chonaic sé mar a shíothlaigh sé amhlaidh sin agus dúirt sé: “Go dearfa ba é Mac Dé an duine sin.”
40 Bhí mná ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú. Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais Bhig agus Iósaef, agus Salómae.