17 “Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m'ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua;
18 tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóíbh; leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.”
19 Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé.
20 Ach iad siúd, d'imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.