1 Chuaigh sé isteach sa tsionagóg uair eile, agus bhí fear ann a raibh lámh leis seargtha,
2 agus bhíodar ag faire air féachaint an leigheasfadh sé é lá na sabóide chun go gciontóidís é.
3 Dúirt sé le fear na láimhe seargtha: “Tar i leith.”
4 Agus dúirt sé leo: “Cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t‑olc, beatha a shaoradh nó a mharú?” Ach ní raibh focal astu.
5 Agus ar dhearcadh timpeall le fearg orthu uile, agus brón air mar gheall ar dhúire a gcroí, dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís.