12 Ach d'ordaigh sé go dian dóibh gan é chur in iúl.
13 Chuaigh sé an sliabh suas agus ghlaoigh sé chuige iad seo ab áil leis féin. Tháinig siad chuige,
14 agus cheap sé dáréag mar chompánaigh aige féin agus chun go gcuirfeadh sé uaidh iad ag seanmóir,
15 agus údarás acu chun na deamhain a chaitheamh amach.
16 Cheap sé an dáréag, Síomón ar ar thug sé Peadar mar ainm,
17 Séamas mac Zeibidé agus Eoin deartháir Shéamais ar thug sé Bóanaeirgis mar ainm orthu, is é sin, clann na toirní,
18 Aindrias, Pilib, Parthalán, Matha, Tomás, Séamas mac Alfáias, Tadáias, Síomón an Cananáiach,