16 Cheap sé an dáréag, Síomón ar ar thug sé Peadar mar ainm,
17 Séamas mac Zeibidé agus Eoin deartháir Shéamais ar thug sé Bóanaeirgis mar ainm orthu, is é sin, clann na toirní,
18 Aindrias, Pilib, Parthalán, Matha, Tomás, Séamas mac Alfáias, Tadáias, Síomón an Cananáiach,
19 agus Iúdás Isceiriót an fear a bhraith é.
20 Chuaigh sé isteach agus tháinig an slua le chéile arís sa chaoi nár fhéad siad fiú amháin béile a ithe.
21 Agus nuair a fuair a mhuintir scéala air, ghabh siad amach d'fhonn breith air, mar bhí siad ag rá: “As a mheabhair atá sé.”
22 Agus na scríobhaithe a bhí tar éis teacht anuas ó Iarúsailéim, deiridís: “Béalzabúl atá ann,” agus “Is trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé na deamhain amach.”