15 Dúirt daoine eile: “Éilias atá ann.” Dúirt daoine eile: “Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.”
16 Ach nuair a chuala Héaród mar gheall air, dúirt: “Eoin úd, ar bhain mé an ceann de, is é atá éirithe.”
17 Óir is amhlaidh a chuir Héaród ordú amach Eoin a ghabháil agus a chur i ngéibheann i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir, mar bhí sé tar éis í a phosadh.
18 Óir dúirt Eoin le Héaród: “Ní ceadmhach duit bean do dhearthár a bheith agat.”
19 Bhí olc ag Héaróidias chuige agus b'áil léi é mharú ach ní fhéadfadh,
20 óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar.
21 Agus tháinig uair na faille nuair a thug Héaród fleá, i gcuimhne lae a bhreithe, do lucht a chúirte agus d'oifigigh agus do chinn phobail na Gailíle;