26 Tháinig buaireamh mór ar an rí, ach mar gheall ar a chuid mionn agus ar na daoine a bhí ag bord, níorbh áil leis dul siar ar a fhocal léi,
27 agus chuir an rí duine den gharda amach láithreach agus d'ordaigh a cheann a thabhairt isteach. D'imigh seisean agus dhícheannaigh sé sa phríosún é,
28 agus thug sé a cheann isteach ar mhias agus thug don chailín é agus thug an cailín dá máthair é.
29 Ar a chloisteáil sin dá dheisceabail, tháinig siad agus thóg a chorp agus chuir i dtuama é.
30 Tháinig na haspail le chéile timpeall ar Íosa agus d'inis siad dó a raibh déanta acu agus a raibh de theagasc tugtha acu.
31 Dúirt sé leo: “Tagaigí sibhse go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall” - óir bhí mórán daoine ag teacht agus ag imeacht agus ní raibh am chun bia féin acu.
32 D'imigh siad leo i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh.