37 Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” Dúirt siad leis: “An ea go rachaimid ag ceannach luach dhá chéad déanar d'arán agus é a thabhairt dóibh le hithe?”
38 Dúirt sé leo: “Cé mhéad builín atá agaibh? Imígí agus faighigí amach.” Ar fháil amach dóibh dúirt siad: “Tá cúig cinn, agus dhá iasc.”
39 Agus d'ordaigh sé dóibh uile luí fúthu ina mbuíonta ar an bhféar glas,
40 agus lig siad fúthu ina ngasraí, ina gcéadta agus ina gcaogaidí.
41 Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh sé agus bhris na builíní agus thug do na deisceabail iad chun go gcuirfidís os a gcomhair iad, agus roinn sé an dá iasc ar chách.
42 D'ith siad uile agus bhí siad sách.
43 Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de bhruscar agus den iasc.