3 Is beannuighe an drong noch choimhéadas breitheamhnus, an tí do ní firéuntas san nuile am.
4 Cuimhnigh orumsa, a THIGHEARNA, re fabhar do dhaoine: fiosruigh mé red shlánughadh;
5 Ionnus go bhfaicfe mé maith do dhaóine toghtha, go ndéana mé gairdeachus a lúathgháire do dhaoine, go ndéana mé glóir led oighreachd.
6 Do pheacuigheamar lé ar naithribh, do rinneamar cionta, do rinneamar neithe coiripe.
7 Níor thuigeadar ar naithre do mhíorbhuilesi san Négipt; níor chuimhnígheadar iomad do thrócaireadha; acht do cheannairgeadar ag an muir, ag an muir Ruáidh.
8 Acht cheana do sháor sé iad ar son a anma féin, chum a chumhachd do chur a numhuil.
9 Agus dimdhearg sé an mhuir Rúadh mar an gceadna, agus do tiormuigheadh súas í: agus tugadh orrasan siubhal annsna haigéanuibh, mar an ndiothramh.