1 A THIGHEARNA, cía choimhneochus ann do thabernacuil? cía áitreobhus ann do chnoc náomhtha?
2 An té shiubhluighios go díreach, agus oibrighios fíréantachd, agus labhrus a nfírinne iona chroidhe.
3 An té nach déan ithiomrádh le na theangaidh, is nach déan olc dá chomharsuin, is nach ttógbhann súas míochlú a naghaidh a chomharsan.
4 An té a ttarcuisnighthear an droch-dhuine iona shúilibh; achd onóruighios an dream air a mbí eagla an TIGHEARNA. An té noch mhionnuighios chum a dhioghbhála féin, agus nach malartuighionn.