1 A THIGHEARNA, cred mar do mhéaduigh tú luchd mo bhuáidheartha? is iomadamhuil an drong noch éirghios súas am aghaidh.
2 Is iomadamhuil an drong a deir rém anam, Ní bhfuil cabhair air bith dhó a Ndía. Selah.
3 Acht tusa, a THIGHEARNA, atá tú ad scéith dhamhsa; mo ghlóir, agus fear tógtha súas mo chinn.
4 Déighios chum an TIGHEARNA lem ghuth, agus do chúaluidh sé mé amach as a chnoc náomhtha. Selah.
5 Do luigh mé síos; agus do chodlas do dhúisighios; óir do chothuigh an TIGHEARNA mé.
6 Ní bhiáidh eagla orum roimhe dheich míle don phobal, noch do chuir íad féin timchioll am aghaidh.