2 O a THIGHEARNA mo Dhía, do chomhairc mé chugad, agus do leighis tú mé.
3 O a THIGHEARNA, do thóig tú manam súas as ifrionn: do choimhéad tú béo mé, go nach rachfuinn síos don núamhaidh.
4 Canuidh psalm don THIGHEARNA, ó sibhsi a naomha féin, agus tugaidh buidheachus do chuimhne a naomhthachda.
5 Oir iona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
6 Acht a dubhairt misi am shuáimhnios, Ní háthrochthar mé choidhche.
7 A THIGHEARNA, maille red ghrásuibhse do chuir tú neart ann mo shlíabhsa: dfoluigh tú haghaidh, agus do bhí mé buáidheartha.
8 Chugadsa a THIGHEARNA, do chomhairc mé; agus chum an TIGHEARNA do rinne mé mo ghuidhe;