1 Eist mo chomhairc, a Dhé; tabhair aire dom ghuidhe.
2 O théorannuibh na talmhan eighfiod chugadsa, a núair bhíos mo chroidhe fa thuirse: tréoruigh mé chum na cairge is áirde na mé.
3 Oír do bhí tú ad fhasgadh ágam, ad thor láidir ó aghaidh na namhad.
4 Do dhéanad comhnuighe ann do thabearnacuil go bráth: biáidh mo dhóigh a ccuim do sciathán. Selah.
5 Oír do chúala tusa, a Dhé, mo mhóide: thuguis oighreachd don druing air a bhfuil eagla hanma.