29 Ar son do theampuill ann Ierusalem do bhéuraidh ríghthe tiodhlacadh chugad.
30 Imdhearg beathach an ghiolcuidh, ealbha na ttarbh láidir, maille ré láoghaibh na ndaóine, nó go numhluighe sé e féin ré píosuighibh airgid: spréidh ó chéile na daóine agá bhfuil dúil a ccogadh.
31 Tiocfaid prionnsuighe as a Négipt; sínfigh Etíopia go hobann a lámha amach do Dhía.
32 Canaidh do Dhía, a rioghachda na talmhan; canaidh sailm don TIGHEARNA; Selah:
33 Don té do ní marcuigheachd ar neamhuibh na neamh, ón tseanaimsir; féuch, do bheir sé a ghuth, guth neártmhar.
34 Tugaidhsi neart do Dhía: noch agá bhfuil a oirdhearcus ar Israel, agus a bhfuil a neart a bhflaitheamhnus.
35 Is úathbhásach thusa a Dhé, amach as háitibh náomhtha: sé Día Israel do bheir neart agus cumhachda don phobal. Go má beannuigh Día.