51 Agus do bhuáil sé céidgheine na Hégipte; tosach a néirt a bpáilliúnuibh Ham:
52 Agus thug air a dhaoinibh dol thairis mar cháorchaibh, agus do thréoruidh amhuil tréud annsa díothramh íad.
53 Agus do thréoruidh amach íad ré dánachd, agus ní raibh eagla orra: agus dfoluigh a nfairge a naimhde.
54 Agus thug sé íad go himeal a shanctora, an slíabhso, noch do ghnodhuigh a lámh dheas.
55 Agus do theilg amach rompa na geintighe fós, agus do roinn sé oighreachd dóibh re crannchaír, agus thug air threabhuibh Israel aitríughadh iona nionad suidhe.
56 Gidheadh do chuireadar cathughadh agus do bhrostuigheadar an Día is ro áirde, agus níor chongmhadar a fhíadhnuisigh:
57 Acht dfilliodar air a ccúl, agus do pheacuigheadar go míochoinghiollach mar a naithre: do bhádar air na niompógh mar bhogha cealgach.