27 Mar an gcéadna do dhéana mé eision na chéidghin, niós áirde ná ríghthe na talmhan.
28 Go bráth coinneochad mo thrócaire dhósan, agus biáidh mo chunnradh firinneach dhó.
29 Agus suigheochad a shíol go bráth, agus a chathaóir ríogha mar láethe fhlaitheamhnuis,
30 Má thréigid a mhic mo dhligheadh, agus nach siubhóluid ann mo bhreitheamhnus;
31 Má thruáillid mo reachda, agus nach ccoimhéaduid maitheanta;
32 Tiucfadsa annsin dféuchuin a sáruighthe ris an tslait, agus a ccorbadh le buillighibh.
33 Thairis sin ní bheanfa mé mo thrócaire thrid amach dheision, agus ní dhéanad bréug a naghaidh mfírinne.