36 O a dhuine mhichéllidh, an síol chuireas tusa ní bhéodhthuighear é, muna bhfaghuidh sé bás air tús:
37 Agus a ní shíolchuireas tú, ní hé an corp bhías do shiolchuireas tú, ach grán lom, éadhon, cruithneachda, nó arbhar éigin eile:
38 Achd do bheir Día corp dhó do réir a thola féin, agus dá gach uile shíol a chorp féin fó leith.
39 Ní háon fheóil amháin gach uile fheóil: achd atá feóil ar leith ag dáoinibh, agus feóil ar leith ag ainmhithibh, agus feóil ar leith ag íasguibh, agus feóil ar leith ag éunlaith.
40 Agus atáid cuirp neamhdha ann, agus cuirp thalmhuidhe: gidheadh atá glóir ar leith ag na corpuibh neamhdha, agus glóir ar leith ag na corpuibh talmhuidhe.
41 Atá glóir ar leith ag an ngréin, agus glóir ar leith ag an ngealuidh, agus glóir ar leith ag na réultuibh: óir atá dithfir ghlóire eidir réult agus réult eile.
42 As mar an gcédna bhías eiséirghe na marbh. Bí an corp truáillighe agá chur; agus éirghidh sé neamhthruallidh.