49 Agus amhuil do iomchramar iomháigh an duine thalmhuidhe, iomchóram fós iómháigh an duine neamhdha.
50 Ag so an ní a deirim, a dhearbhráithre, do bhrígh nach féidir ré feóil agus ré fuil óighreachd ríoghachda Dé dfagháil; ná ré truáilleadh bheith na oighre ar neamh thruáilleadh.
51 Féuch, as ní dorcha labhruim ribh, ní choidéolam uile, achd cuirfighthear a naithearrach crotha sinn uile,
52 A mómeint, ré silleadh na súl, ré gúth an sduic dheigheanaigh: oír séidfidh an sdoc, agus dúiseochar na mairbh neamhthruáillighe, agus cuirfighthear sinne a naithearrach crotha.
53 Oír as éigean don ní truáillighesi neamhthruáilleadh do ghabháil uime, agus don ní shomharbhtha sa neamhmarbhthachd do gabháil uime.
54 Agus an tan ghéubhus a ní truáillighesi neamhthruáilleadh uime, agus a ní somharbhthasa neamhmarbhthachd uime, biáidh an tan sin an bhriathar atá sgríobhtha ar na coimhlíonadh, Do sluigheadh an bás a mbuáidh.
55 O a bháis, gá háit a bhfuil do cháilg? ó a úaimh, gá háit a bhfuil do bhuáidh?