2 Oír níor léig mé oram féin bhur measgsa eólas do bheith agum air ní ar bith, achd amháin air Iósa Críosd, agus é fós ar na chéusadh.
3 Agus do bhí mé bhur measgsa a néugcrúas, agus a neagla, agus a gcriothnughadh mhór.
4 Agus ní raibh mo chomhrádh ná mo sheanmóir a millseachd bhríathar an ghliocais dáonna, achd a bhfoillsiughadh dhearbhthachd chúmhachda na Spioraide:
5 Ionnus nach bíadh bhur gcreideamhsa a ngliocas na ndáoine, achd a gcúmhachd Dé.
6 Gidheadh fós lábhramáoid go héagnuidhe a measg na ndáoineadh iomlána: bíodh nach do réir éagna an tsáoghailse, nó phrionnsadh an tsáoghailse, atá ag dul amúgha:
7 Achd labhramáoid éagna Dé a seicreid, a néagna fholaigheach, noch do orduigh Día roimh an tsáoghal chum ar nglóirinne:
8 A néagna nar bhaithne dáoinneach do phrionnsaidhibh an tsáoghailse: óir dá madh aithne dhóibh í, ní chéusfaidís Tighearna na glóire go bráth.