1 Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean.
2 A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé.
3 Agus gach neach agá bhfuil an mhunighinse aige annsan, glanuidh sé é féin, do réir mar atá seisíon glan.
4 Gidh bé neach do ní peacadh sáruighe sé an reachd mar an gcéudna: óir a sé as peacadh ann sárughadh an reachda.
5 Agus atá a fhios aguibh gur ab uime do foillsigheadh eision chum ar bpeacuighne do chur ar gcúl; agus ní bhfuil peacadh ar bith annsan.