1 Oir, atá a fhios aguibh féin, a dhearbhráithre, nár dhíomhaóin ar ndul a steachne chuguibh:
2 Achd fós ar bhfulang dhúinn roimhe, agus tar éis ar masluighthe, a Bhfilippí, do réir mar as aithnigh dhíbhse, do rinneamar dánachd as ar Ndía féin ré soisgéul Dé do sheanmórughadh dhíbhse maille ré hiomad sbárna.
3 Oír ní raibh ar dteaguísgne tré mhealltóireachd, ná tré neamhghloine, ná tré cheilg:
4 Achd amhuil fuáir Día dúil ionnuinn ré cúram an tsoisgéil do chur oruinn, as dá réir sin labhramaóid; ní mar dhruing do ní toil na ndaóineadh, achd toil Dé dhearbhus ar gcroidhthe.
5 Oír ní dhearnamar a ríamh slíomadóireachd bhríathar, mar as aithnigh dhíbhse, na leithsgéul sainte; atá Día dfíadhnuise air:
6 Agus níor íarramar glóir ó dhaónibh ná uáibhse, ná aróile: bíodh gur bhféidir linn trom do léigean oruibhse, mar absdaluibh Chríosd.
7 Achd do bhámar caóin bhur measg, agus amhuil do bhíadh buime ag altrom a cloinne: