10 As fiadhnuisighe sibhse, agus Día créd é a náomhtha, agus a chómhthruime agus a neamhlochduíghe do iomchramar sinn féin eadruibhse an drung chreideas:
11 Mar as aithnigh dhíbh cionnas do bhímís ag teagasg agus ag furtachd agus ag guidhe gach aóin fó leith aguibh, amhail do dhéunadh athair ré na chloinn,
12 Ionnus go siubhalfadh sibh go cúbhaidh do Dhía, noch do ghoireas sibh chum a ríoghachda agus a ghlóire féin.
13 Ar a nadhbharsin bímídne mar an gcéudna gan sgur ag breith bhuídheachais ré Día, do bhrígh, ar ngabháil bhréithre Dé chuguibh noch do chúalabhair uáinne, gur ghabhabhair chuguibh é ní mar bhréithir dháonna, achd (do réir mar atá sé go fírinneach) mar bhréithir Dé, noch fós oibrigheas ionnuibhse an drung chreideas.
14 Oír a dhearbhráithre, do rinneadh dhíbhse, luch leanmhana eagluiseadh Dé nach átá a dtír Iúdaighe a Níosa Críosd: do bhrígh gur fhulaing sibh na neithe céudna ó bhur luchd éintíre féin, amhuil dofhuilngeadarsan ó na Iúduighibh:
15 Noch fós do chuir an Tighearna Iósa chum báis, agus na fáidhe do bhí aca féin, agus do tinne gérleanmhuin oruinne; agus nach dtaitneann ré Día, agus atá conntrárrdha do na huile dhaóinibh:
16 Ag toirmeasg oruinne labhairt ris na Cineadhachuibh chum a slánuighthe, chum bheith dhóibh ag sirlíonadh a bpeacuighibh: óir táinic a nfearg orrtha go síorruidhe.