4 Oir go deimhin an tan do bhámar bhur bhfochair, dinníseamar dhíbh roimh láimh go néireochadh buáidhirt dhúinn; do réir mar thárrla, agus áta a fhíos aguibhse.
5 Ar a nadhbharso, ó nár bhféidír leamsa congmháil oram ní budh fhaide, do chuir mé eision chuguibh chum feasa bhur gcreidimh dfagháil, deagla gur chuir an cathuigheóir cathughadh oruibh a gcás ar bith, agus go mbíadh ar sáothairne díomhaóin.
6 Achd a nois go déigheanach ar dteachd do Thimotéus uáibhse chuguinne, agus ar dtábhairt dhéaghtheisde ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrádh dhúinn dó, agus go bhfuil déaghchoimhne aguibh oruinn, ar mbeith dhibh do shíor fonnmhar ar sinne dfaicsin, amhuil atámuidne fós ribhse:
7 Dá bhrígh sin, a dhearbhráithre, fúaramar furtachd bhur dtáobh ann ar nuile bhuáidhirt agus ríachdanas tré bhur gcreideamh:
8 Oír atámuidne a nois béo, dá seasuidh sibhse sa Dtíghearna.
9 Oír créd é an buídheachas as féidir linne do thabhairt mar mhalairt do Dhía bhur sonsa, do bhrígh a nuile gháirdeachais re a ndéunmuid gairdeachas thríbhse a bhfiadhnuise ar Ndé féin;
10 Dá íarruidh dathchuinghe go ro dhithchiollach do ló agus doidhche bhur naghuidh dfaicsin, agus uireasbhuidh bhur gcreidimh do leasughad?