11 Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.
12 Agus íarrmuid dathchuinghe oruibh, a dhearbhraithre, aithne do bheith aguibh air an luchd do ní sáothar bhur measg, agus atá ós bhur gcionn sa Dtíghearna, agus theaguisgeas sibh;
13 Agus grádh ro dhióghraiseach do bheith aguibh dhóibh ar son a noibre Bíghidh síothchánta eadruibh féin.
14 Agus guidhemid sibh, a dhearbhráithre, teagusgaidh ná daóine míríaghalta, tugaidh furtachd don lagchroídheach, iomchraidh ris a nanbhfann, bighidh foighideach ris a nuile dhuine.
15 Tuguidh aire ribh nách déun éinneach olc a naghuidh uilc ar bith; achd leanuidh an mhaith do ghnáth, da bhur dtáobh féin, agus do tháobh na nuile dhaóineadh.
16 Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor.
17 Bíghidh ag úrnuighe gan sgur.