17 Uime sin ar na cur so romham dhamh, an raibh éadruinne oram? no an do réir na féola chuirim romham, na neithe chuirim romham, ionnus go mbíadh aseadh aseadh, agus ní headh ní headh agum?
18 Achd mar atá Día fírinneach, níor bhé ar ccomhrádh ribhse aseadh agus ní headh.
19 Oír Mac Dé, Iósa Críosd, noch do rinneamairne sheanmóir eadruibhse, misi agus Silbhánus agus Timóteus, níor bha aseadh agus ní headh é, achd a seadh do bhí annsan.
20 Oír geallamhna Dé go huilidhe. A seadh annsan íad, agus Amén annsan, chum glóire Dé dhar dtáoibhne.
21 Agus a sé Día, dhaingnigheas sinne maille ribhse a Gcríosd, agus do ung sinn;
22 Noch fós do chuir séula oruinn, agus tug comhartha daingnighthe na Sbioruide ann ar gcroidhthibh.
23 Agus goirim Día dfidhnuisi a naghuidh manma, gur do ghabháil aguibhse nach dtáinic mé fós go Corintus.