9 Achd ionnus nach measfuighe mé mar bhéinn ag cur eagla oruibh rém litribh.
10 Oir atáid na litreacha, (a deirid siad,) nimhneach láidir; achd is meirbh a phearsa a láthair, agus ní bhfuil éifeachd na bhríathruibh.
11 An tí atá amhluidh sin smuáineadh sé ar so, do réir mar bhímid a mbréithir tré litribh ar mbeith dhúinn as láthair, go mbíam mar an gcéudna dá réir sin a ngníomh an tan bhíam a láthair.
12 Oír ní laimhmaóid sinn féin do cheangal, nó chur a gcomórus re druing áirighe bhíos dá moladh féin: gidheadh ní thuigid síad, gur dá dtomhas féin ríu féin bhid síad, agus dá gcomórtus féin ré chéile.
13 Achd ní dhéunmaóidne mórdháil as na neithibh théid thar ar dtomhas, achd do réir mhiosúir na riaghla noch do thomhuis Día dhúinn, miosúr ré rochduin fós go soithe sibhse.
14 Oír ní shínemíd sinn féin tar mhogh, mar nach dtiucfadh dhínn rochduin chuguibhsi: óir rangamar fós chuguibh maille ré soisgéul Chríosd:
15 Ní ag déunamh mórdhála as na neithibh nar toimhseadh dhúinn, as sáothruibh dhaóineadh eile; achd as doigh linn, ar mbeith dá bhir gcreideamhsa ag fá ionnuibh, go léigfighthear tuilleadh fairsinge chuguinn sa ní do toimhseadh dhúinn,