1 Do bfearr leam go niomchradh sibh beagán rém leimhe: agus fos iomchruidh leam.
2 Oír atáim éudmhar ribh ré héud díadha: óir do ullmhuigh mé sibh déinfhear amháin, chum bhur dtabhartha mar óigh fhíorghloin do Chríosd.
3 Gidheadh atá eagla oram, mar do mheall naithir neimhe Eúbhá ré na mheabhaill, go dtruáillfidhe bhur ninntinnse mar an gcéudna ón tsimplidheachd noch atá a Gcríosd.
4 Oír dá dtigidh neach do sheanmórughadh Iósa eile, nach dearnamairne sheanmóir nó da nglacuidh sibh spiorad eile, nár ghlacabhair chuguibh, ná soisgeul eile, nar ghlacabhir, dob iondéunta dhíbh a fhúlang.
5 Oír saóilimse nach raibh bárr ag an gcuid dob áirde do na habsdaluibh oram.
6 Agus bíodh go bhfuilim túatamhuil a mbríathruibh, achd ní bhfuilim a néolas; achd do rinneadh follus sinn bhur measgsa thríd amach sna huile neithibh.
7 A né gur chionntuigh mé tré bheith dom íslíughadh féin chum sibhse dhádughadh, tré bheith dhamh ag soísgéulughadh shoisgéil Dé dhaóibhse a naisge?