12 Achd a ní do ním, do dhéanad fós é, ionnus nách dtiubhruinn cionfátha don druing ler mían cionfatha dfagháil; chum a bhfaghála comhchosmhuil rinne, sa ní as a ndéanuid síad maóithfeachus.
13 Oir atáid a leithid sin dabsdaluibh fallsa, na luchd oibre meabhlacha, dá gcur féin a bhfoirm absdál Chríosd.
14 Agus ní híongnadh sin; óir cuiridh Satán é féin a bhfoirm aingil na soillse.
15 Uime sin ní mór an ní é dá gcuirid a mhinisdrí íad féin mar an gcéudna a bhfoirm minisdridhe na firéantachda; agá mbiáidh a gcríoch dheigheanach do réir a noibreacha.
16 A deirim a rís, Na tugadh éunduine meas dhuine gan chéill oram; nó fós, gabhuidh chuguibh mé mar neach gan chéill, go ndéanuinnsi fós beagán mórdhála asam féin.
17 A ní labhrum, ní do réir an Tighearna labhrum é, achd mar neach ar a bhfuil díth céille, a ndóthchas na mórdhálasa.
18 Do bhrígh go ndeanuid morán mórdháil do réir na féola, do dhéunsa mórdháil mar an gcéudna.