5 Oír saóilimse nach raibh bárr ag an gcuid dob áirde do na habsdaluibh oram.
6 Agus bíodh go bhfuilim túatamhuil a mbríathruibh, achd ní bhfuilim a néolas; achd do rinneadh follus sinn bhur measgsa thríd amach sna huile neithibh.
7 A né gur chionntuigh mé tré bheith dom íslíughadh féin chum sibhse dhádughadh, tré bheith dhamh ag soísgéulughadh shoisgéil Dé dhaóibhse a naisge?
8 Do shlad mé eagluiseacha eile, ag glacadh túarasduil úatha, chum seirbhíse do dhéunamh dhíbhsi.
9 Agus an tan do bhí mé bhur láthair, agus riachdanas oram, níor léig mé mo throm ar éunduine: óir do fóireadh a neasbhuidh do bhí oram ris na dearbhráithribh tháinic ó Mhacedónia: agus ar a nuile ghlés do choimhéudas mé féin ó mo throm do léigean oruibhsi, agus fós coimhéudfad.
10 Atá fírinne Chríosd ionnam, nách dúnfuighthear an maóithfeachussa am adhuigh a gcríochaibh na Hachaía.
11 Créd uime? an do bhrígh nach bhfuil grádh agam dhíbhse? atá a fhios sin ag Día.