4 Oír is as buáidhirt mhóir agus as dóilgheas croidhe do sgríobh mé chugaibh maille ré hiomad déur; ní chum dóilgheasa do chur oraibh, achd chum go dtuigfeadh sibh an grádh ro líonmhar atá agam dhíbh.
5 Achd má tháinic dóilgheas do tháobh éunduine, níor chuir sé dóilgheas oramsa, achd a gcáilibh; ionnus nach gcuirfinn ro úalach oruibhse uile.
6 Is lór dhá leitheid sin do dhuine an timdheargadh, fuáir sé ó mhórán.
7 Ionnus a nois contrárrdha dhó sin gur córa dhíbh maitheamhnus do thabhairt dó, agus sólás do chur air, deagla go sluigfidhe súas é lé hiomarcuidh doilghís.
8 Uime sin íarruim dathchuinghe oruibh bhur ngrádh do dhainniughadh dhá tháobh.
9 Oír as chuige so fós do sgríobh mé, chum go mbíadh fios dearbhtha agum oraibhse, an mbíadh sibh úmhal sna huile neithibh.
10 Agus gibh bé dhá dtug sibhse maitheamhnus áoinneithe, do bheirimse mar an gcéadna: óir má thug misi maitheamhnus a neinní uáim, gidh bé dhá dtug mé an maitheamhnus, is ar bhir sonsa tug mé uáím é a bhfíadhnuisi Chríosd;