8 Uime sin íarruim dathchuinghe oruibh bhur ngrádh do dhainniughadh dhá tháobh.
9 Oír as chuige so fós do sgríobh mé, chum go mbíadh fios dearbhtha agum oraibhse, an mbíadh sibh úmhal sna huile neithibh.
10 Agus gibh bé dhá dtug sibhse maitheamhnus áoinneithe, do bheirimse mar an gcéadna: óir má thug misi maitheamhnus a neinní uáim, gidh bé dhá dtug mé an maitheamhnus, is ar bhir sonsa tug mé uáím é a bhfíadhnuisi Chríosd;
11 Deagla Shátan do bhreith buáidhe oruinn ré na ghliocas: oír ní bhfuil ainbhfios a shlightheadhsan oruinn.
12 Tuilleadh eile, ar dteachd damh go Tróas air son shoisgéil Chríosd, bíodh gur hosgladh doras damh ón Dtighearna,
13 Ní bhfuáir mé suáimhneas dom sbioruid, do bhrigh nach dtárla dhamh mo dhearbhráthair Títus. Achd ar ngabháil mo cheada acasan damh, do imthigh mé úatha go Macedónia.
14 Agus a bhuidhe ré Día, do bheir fa deara dhúinn buáidh do bhreith a gcomhnuidhe a Gcríosd, agus fhoillsigheas baladh a éolais féin thrídne sa nuile áit.