1 Oir atá a fhios aguinn dá sgaóiltear ó chéile ar dtigh talmhuidhe na boithesi, go bhfuil áitreabh aguinn ó Dhía, tigh nar tógbhadh ré lámhuibh, marthanach air neamh.
2 Oír atámuid ag ósnaigh ann so, ag íarruidh maille ré míanghus ar dtigh neamhdha féin do chur iomuinn:
3 Achd amháin go bhfaghthar éuduighthe sinn agus ní lomnochd.
4 Oír bímidne luchd na boithesi ag osnaighe, ar mbeith úaluidh oruinn: ar nach mían rinn bheith gan éudach, achd tuilleadh éuduigh do chur iomuinn, ionnus go sluigfidhe súas an ni sómharbhtha ré beatha.
5 Agus a sé Día do chrúthuigh sinn chuige so, agus fós tug dhúinn cómhartha daingnighthe na Sbiorúide.