14 Achd ar chonnradh chomhthrom, chum bhur nacfuinnesi a nois dfóirighim a riachdanuision, ionnus go bhfóirfeadh a nacfuinnsean ar bhur riachdanusa mar an gcéadna: ar ghléus go mbíadh comhthrom eadruibh:
15 Do réir mar atá sgríobhtha, An tí do chruinnigh morán, ní raibh iomarcuigh aige; agus an tí do chruinnigh beagán ní raibh easbhuidh air.
16 Agus a bhuidhe ré Día, do chuir an dúthrachd céudna a gcroidhe Thítuis bhur dtimcheallsa.
17 Oír do ghlac sé go deimhin an brosdugh chuige; agus ar mbeith dhó ní sa dúthrachduigh ná sin, do thriall sé dhá thoil féin chuguibh.
18 Agus do chuireamar leis na chuideachda an dearbhrathair, ar a bhfuil deaghtheisd sa soisgéul trés na huile eagluisibh;
19 (Agus ní hé amháin, achd do toghadh é mar an gcéudna ris na heagluisibh mar fhear comhaisdir aguinne do tháobh an ghrássa, do nímid a mhiniosdrálachd chum glóire an Tighearna ceudna, agus chum go bhfoillséochthaói bhur ninntinn ro ullamhsa:)
20 Ar mbeith dhúinn ag seachna ar ndiomolta do neach ar bith sa bhfairsingesi, do níthear do mhiniosdrálachd rinn: