1 An, seanóir chum na bainntíghearna toghtha agus chum a cloinne, dá bhfuil mo ghrádh go fírinneach; agus ní hé mo ghrádhsa amháin, achd grádh na nuile mar an gcéudna noch fuáir eólas ar an bhfírinne;
2 Ar son na fírinne chomhnuigheas ionnuinn, agus bhías maille rinn go síorruidhe.
3 Grása trocaire, agus síothcháin, maille ribh, ó Dhía Athar, agus ón Dtíghearna Iósa Críosd, Mac a Nathar, maille ré fírinne agus ré grádh.
4 Do bhí gáirdeachas mór oram do bhrígh go bhfuáir me cuid dod chloinnse ag siúbhal do réir na fírinne, amhuil fúaramar áithne ó Nathair.
5 Agus a nois íarruim dathchuinghe ort, a bhainntíghearna, (ní mar do bheinn ag sgríobhadh áithne nuáidhe chugad, achd na háithne do bhí aguinn ó thosuigh,) eadhon a chéile do ghrádhughadh dhúinn.